Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 174
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus ammantaí beagán talmhan. Deirdeadh na sean daoine gur beithidheach cheithre gcos an spré is adhmhala le tiubhairt do mhnaoi. Bíonn na daoine ga teacht ó theach an phobhaile dhóibh ag rith rásaí leis na capallaibh agus na h-aislibh, agus bíonn na mná i-n-a suidhe ar chúla na bhfear ar an capallaibh.
Bíonn nósanna pisreógacha san áit an oidhche a bhíonns an bhainfheis ann. Nuair a thagas an bhean buadh-phósta isteach tar éis an pósta briseann bean éigin eile cáca milis ar a ceann, agus bristear roitheach éigin ar an mballa. Tá na nósanna seo caillte anois.
Nuair a bídis istigh i dteach an phobhail bhíodh muinntir an fhir ag iarraidh an fear a choinneail istigh, agus muinntir na mná ag iarraidh an bhean a choinneail istigh; mar déaraidís an duine a ghabhadh bás. tá an gnás seo caillte anois, agus is amhlaidh a théigheanna an bheirt amach le chéile.- Bailitheoir
- Mícheál Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tómás Úa Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe