Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-séipéal in Áraqinn in aimsir na géipleanamhna. Tá áit inÁrainn a dtugtar "Carchair an Phobuil" uirthi, mar gheall ar go raibh séipéal déanta ann in-aimsir na géarleanamhna. Tá an chaircair in i bhFearann an choirce, agus glaodhann daoine an "Chaurcair Mhór" uirthi. Bhí séipéal atá aniar in Eochaill ar an taobh ó thuaidh d'en tséipéal atá anoir ann. Léightí Aifrinn gach Domhnach insan séipéal sin. Tá áit inGort na gCapall a mbíodh sagairt ibhfolach ann a dtugaidís "Aill an tSagairt" air. In aimsear "Seán an tSagairt" nuair a bhí gearleanamhna dhá dhéanamh ar na sagartaibh bhí chúig punt dhó as cluigeann chuile shagairt a marbhuigheadh sé. Deirtí gur gabha a mharbhuigh é san deire. Tháinig sé le capall óg ag an gceadchain aige, mar-bhí an crúdh imthighthe de'n chapall. Chuir an gabha crúdh aran gcapall. Bhí sé ag tabhairt luacha a shaothair do'n ghabhainn. Ní ghlacfadh an gabha é. Chuir sé sgéala ag iarraidh díghe óil do'n ghabhainn. Bhí sé ag iarraidh ar an ngabhainn deoch ól. Rug sé ar an gcrúirisgín go ndólfadh sé deoch. Nuair a fuair an gabha an crúigín crochta ar an bhéal thug sé cúl a láimhe san bpíobán dó, agus sin a cuir deire le Seán an t-sagairt.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhlaithbhearta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Dioráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe