Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- I bhfeilm mo mhuintire i-n-Gort -na-g-Capall i-m-baile fearainn Chillmhuirbhigh tá na h-áit-ainmneacha seo le fághail:-
Tá an locan siar ó Ghort-na-gCapall. An Srúthlán tá sé ó thuaidh de Ghort-na-gCapall. Sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin air mar tá tobairín ann agus bíonn sé i-g-comhnuidhe lán le uisce. an Garrdha Mór ó dheas de Ghort-na-g-Capall. Tugtar an t-ainm sin air mar tá sé mór. Gort na Cruthneachta taobh thoir de Ghort-na-gCapall. 'Sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin air mar bhíodh cruithneacht ann fadó. Gort Fhlaithbhearta, Buaile na h-Eirimis, An Cimín Mór, An Choill agus an Coirnéal. Tugtar Gort Fhlaithbhearta air mar ba le Flaithbheartach an áit fadó. 'Sé an fáth go dtugtar An Choill air mar tá coill ag fás ann agus is cosamhail le coill í. Tá Craig an Chaisil taobh thair idir Gort-na-g-Capall agus An Dún Aengusa. An Garrdha glas agus garrdha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean Shéamais Uí Fhátharta
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe