Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmhidhthe Allta.San am fadó do tháinig sionnach mór isteach i-n-deire báid as Conn Mhaicne Mara, agus ní raibh fhios ag aon duine dá raibh san m-bád é. Tuairim is céad bliadhan ó shoin do bhí sé ag déanamh scriosa móir ar uain agus ar chaoirighíbh i-n-Árainn, agus do chuir daoine clár lag ar bhruach aille na Lochán. Lá amháin sheas an sionnach air, agus thuit sé san bh-fairrge.Tháinig mada fiadháin isteach h-oileainaibh, agus is é an chaoi a shnámh sé anoir, agus bhí muinntir Árann scriosta aige mar bhí sé ag marbhughadh caorach ortha. Acht aon oidhche amháin chonnaic na daoine nead déanta aige istigh i-d-teach beag, agus an oidhche i-n-a dhiaidh rug siad air agus mharbhuigh siad é.Is le gairid a tháinig na h-easóga go hÁrainn. Níl mórán luch ná coinín fágtha i-n-Árainn. An chéad uair a tháinig na h-easóga go h-Árainn bhí roinnt scátha ag na daoiníbh rómpa acht níl an oiread scátha aca rómpa anois, agus atá faoi chat. Tá ainmhidhthe eile i-n-Árainn ar a d-tugtar allchuach. Creideann daoine má bhéarann siad ortha, agus a dteangacha a chuimilt ó-n-a-d-trioballaibh go dtí a g-cloigníbh go bh-fuil leigheas ag baint leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conghaile
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe