Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní thosuightear ar aon saghas oibre Dia Satharn ná "lá crosta na bliadhna", sé an lá céadna de'n t-seachtain ar ar cuireadh na Páistí Neamh chionntacha chumh báis. Dia h-Aoine is maith le daoiníbh tosughadh ar gach obair go mór mhór cuireadóireacht, cé nach mbeadh déanta aca acht fad na sráide. Ní maith le daoiníbh airgead a íoc Dia Luain, ná ní thiubharfadh duine beithidheach a bhead díolta céana uaidh an lá sin. Níor mhaith le daoiníbh an ghruaig a bhaint díobh Dia Luain, ná ní maith leo caoirigh a bhearradh an lá sin, acht oiread. Tá sean-fhocal ann a deireas, "Loma luan agus bearradh Céadaoin". Deireann siad an síol a chuirtear Aoine an Chéarta nach loicfidh sé. Deirtear go raibh bó ann fadó agus bhí sí tinn insan Márta. Cheap sí go raibh leí nuair a bhí an Márta caithte; acht d'iarr an Márta trí lá ar an Aibreain, agus cailleadh an bhó ar feadh na trí lá sin, agus sin é an fáth go dtugtar laetheanta na bó riabhaiche ar na trí lá i dtús an Aibreain. Aon rud a bhíonn tinn agus a chuireann na trí lá sin isteach beidh leis, a deirtear.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe