Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach san teach acu iad féin a choisreacan leis an gcrois seo. Bhéaraidís cliabh fataí dóibh annsin. Bhíodh an rann seo ghá rádh acu. Crios Bríghde mo chrios, crios na cheithre gcros. Más fearr atá tú andiu, go mba seacht fearr a bheas tú bliadhain ó indiu.
Lá'l Stiofáin:- Gheibheann na buachaillí meacan ráibe, agus cuireann siad poll i-n-a lár agus cuireann siad cleite timcheall ar an bpoll. Teigheann siad thart ó thígh go tígh agus gheibheann siad airgead. Bíonn an rann seo ghá rádh acu.
Dreóilín a chonnaiceas lé h-ais cairn chloich'. Do chaitheas mo mhaide leis is bhriseas a chos. Rí na n-éan é, má tá sé beag. Éirigh id shuidhe, a bhean an tighe, agus líon chugainn deoch.
Lá'l Pádraig:- Cuireann na daoine isteach an t-seamróg is beag duine nach ndéanann trosca san gCarghas ar rud éicint.
Luan Cíncise:- Ní dhéanann na daoine aon obair mhór an lá sin, agus ní maith leo dul ar an bhfairrge acht an oiread.
Lá Bealtaine:- Ní chatheann na daoine amach aon luaith Lá Bealtaine. Ins gach uile baile socruigheann siad teine mhóir, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Uá Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe