School: Cill Cruain (C) (roll number 11187)
- Location:
- An Baile Glas Theas, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
![The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 285](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0016%2FCBES_0016_285.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0016, Page 285
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Cruain (C)
- XML Page 285
- XML “Maistreadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá a lán sórt cuinneóg ann. Tá cuinneóg atá ar nós baráille agus í ar bhrannra agus tugtar cuinneóg uirthí. Tá ceann eile nach mbíonn ar brannra, í caol sa lár agus leathan ag a bun a's ag a bun. Tá ceann eile fós atá cruinn ar na taobhanna. Ta brannra íseal fuithí acht nuair a bhíonn maisteadh 'gá dhéanamh leí bíonn sí ar cathaoir nó ar an mbord.
Cuinneóg baraille atá againn. Tá sí ar bhrannra atá trioca órdlach ar aoirde. Tá an cuinneóg féin ar nós baráille leanna acht tá an t adhmad níos feárr inntí. Tá an baráille sé h-órdlóg déag ar aoirde agus ar a leithéad tá sí troigh amháin. Cheannuigheadh í seacht mbliadhna déag ó shoin.
Tá ceithre coda inntí. - an bhrannra, cos na luine, an clár, agus an chuinneog féin - an baráille. Tá iarann ar a mbárr chun í a coimhéad socair. Déantar maistreadh ceithre uaire sa seachtmhain sa Samhradh í nár dteach agus bíonn deithre punt ime ann. Sa nGeimhreadh ní déantar maistreadh acht uair amháin sa tseachtmhain agus bíonn se nó seacht bpunt ime ann.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Ríain
- Gender
- Female
- Address
- An Turlach, Co. na Gaillimhe