Scoil: Cill Cruain (C) (uimhir rolla 11187)
- Suíomh:
- An Baile Glas Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Cruain (C)
- XML Leathanach 296
- XML “Cluichí - Sicín”
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo í an caoí a n-imrimid "sicín". Bailigheann a lán cailín le chéile. Bíonn ceann aca in-a búistéar, ceann in-a mhathair, agus na cinn eile in-a-sicíní. Beireann sicín amhain greimar bhibín an mhathar agus beireann sicín eile ar bhibín an chéad sicín agus mar sin de go mbíonn siad í líne mór. Déineann an búistéar iarracht an sicín deireadh a mharbhú agus déineann an mathair iarracht í a shabhailt.
Nuair a bhíonns na sicíní go léir marbuighthe meadhan an búistéar agus an mathair iad agus an sicín a bhíonns deas beirbhigeann siad é agus itheann siad é.- Bailitheoir
- Cáit Ní Gríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bhreaclach, Co. na Gaillimhe
- Nuair a bhíos óg bhí "dathanna" mo phríomh cluiche. Nhíoadh suas le naonbhar cailín ann, duine aca í na máthair duine eile í na aingeal agus dune eile in na deabhal. Bíoadh na cailíní eile in a bpáistí, agus bhíodh dath dá leith mar ainm ar gach duine. Thagadh an t-aingeal agus bheireadh sé greim ar gruiag an mháthar. Dheireadh sise "cé tá annsin?" "An t-aingeal leis an gruaig órdha" "Céard tá uait?" "Dath" "Cén dath?" "Gorm" Dá mbéadh gorm(leanann ar an chéad leathanach eile)