Scoil: Leath-bhaile
- Suíomh:
- An Leathbhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Maoldhomhnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Maighréád Bhreathnach, Claddach, Leath-Bhaile
A sgríobh ó n-a h-athair
Má tá an ghrian lasta, geal ar maidin, is cosamhaileacht fearthainne é.Má tá an ghealach ar a chúl is cosamhaileacht fearthainne é.Má tá na realtóga geal, lasta is cosmhaileacht seaca é.Má fheiceann tú dubachán taobh ó dtúa is cosmhaileacht fearthainne.Má tá an tuar ceatha ar maidin is cosamhaileacht fearthainne é.
Má bhíonn fead sa ngaoth is cosmhaileacht fearthainne é.Má séideann an gaoth ó'n taobh ó dtúa is cosmhaileaht fearthainne é freisin. Tugann an gaoth a dtúa is mó fearthainne leis.
Má chloiseann tú an chrotach sa bportach is cosmhaileacht fearthainne é.Má fheiceann tú na preacháin ag deanamh luit is cosmhaileacht droch aimsir é.Má cloiseann tú na geabhaí raocha is cosmhaileacht seaca é.
Nuair fheiceas tú na bláth, bán ar na sgeachaí i dtús an Bhealtaine cosmhaileacht Samhradh maith é.Nuair fheiceas tú na geabhaí raotha ag teacht go luath(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cladach Thoir, Co. na Gaillimhe