Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
Scéal
“Bhí fear i gConnamara fadó ins an mbaile ar a dtugann siad Úirid ar, agus sé an t-ainm a bhí air ná Seán Buidhe an Úirid.”
Bhí fear i gConamara fadó ins an mbaile ar a dtugann siad Úirid ar, agus sé an t-ainm a bhí air ná Seán Buidhe an Úirid. Bhí brionglóid aige trí oidhche indhiaidh a chéile, dhá dteigheadh sé go dtí droichead luimnigh go bhfuidheach sé pota óir ann. D'imthigh leis agus shiubhail sé ann. Chaith sé an lá sin ag cuartughadh, agus lá in-amháireach,. Bhí teach ag gréasuidhe ar leath taobh an bhóthair, agus d'éirigh sé amach agus d'iarraidh sé de Sheán buidhe céard a bhí sé ag déanamh thart annsin le cúpla lá, díthchéille arsa Seán Buidhe. Neac a tháinigh agam dhá dtagann go béal dhroichead luimnigh go bhfuighinn pota óir ann. Ó a amadáin adeir an gréasuidhe,nach dtáinig neach agamsa dhá(leanann ar an chéad leathanach eile)