Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal

Suíomh:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 015

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 015

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Leathanach 015
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar [!] rógaire. Aon lá amháin, na dhiadh [!] sin, chuaidh fear na gloine, amach ar fud na gcnoc ag breathnú tríd an gloine, ba geárr go bhfaca sé taoirseach ag teacht go dtí é agus d'fiafruigh an taoirseach dhó cé'n fáth a raibh sé ag breathnú tríd an ghloine agus dubhair(d)t, sé nach raibh ceó as cion talamh, ná faoí thalamh nach bfeiceann sé. Dubhairt sé leis go raibh a inghean imthigh uaidh lé trí mhí, agus dubairt sé leis go dtiubharfadh sé an inghean lé pósadh dhó dá bhfeadfadh sé í a thabhairt ar ais. Chuaidh fear an ghloine, ar chnoc níos aoirde agus bhreathnuigh sé tríd an ghloine, agus ba geárr go bhfaca sé í ar a léitheid de oileán, agus nach raibh ar an oileán, acht í fhéin agus éan. An mbhéadh caoí ar bith lé í thabairt ar ais. Bhí a fhios ag fear na gloine go raibh an rógaire sa mbhaile, agus chuaidh sé abhaile, agus dubhairt sé leis an rógaire an bféadfadh sé í a ghoid, agus fuair siad bád, agus chuaidh sé dhá iarraidh. Ní raibh aon [!] táilliúr ná an faoileára ag dul aonfheacht leó, agus thosuigh ag iarraidh a dhul in-aonfheacht, agus chuaidh. D'imthigh leó agus ba geárr go raibh siad ag an oileán, tharraing siad an bád isteach le taobh an oileáin, agus chuaidh an rógaire amach agus tharraingt sé an bhean isteach ins an mbád, níor dhúisigh sí féin na an t-éan. D'imthigh leó agus bhí siad gar go leór dé'n bhaile, dubhairt fear aca le fear na gloine, éirighe agus breathnú, go bfeicfadh sé a rud ar bith ag teacht, agus d'éirigh sé ag [!] bhreathnuigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    AT0654: The Three Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Curraidhin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Doire Locháin Thiar, Co. na Gaillimhe