Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal

Suíomh:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 049

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Leathanach 049
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Aon uair amháin bhí fear ann, agus bhí sé ag ithe cnó i gcomhnuidhe.

    Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Scéal

    Aon uair amháin bhí bean ann, agus sé an t-ainm a bhí uirthí nár an Chailleach Bhéara, an-spealadoir a bhí inntí.

    Sgéal.
    Aon uair amháin bhí bean ann, agus sé an t-ainm a bhí uirthí ná, an Chailleach Bhéara, an-spealadóir abhí inntí. Bhíodh an chailleach Bhéara ag baint fhéir go minic agus bhí an-chleachta aicí.
    Bhí sí fhéin agus fir, ag coimhlint go minic agus d'fághadh sí an ceann a bfearr i gcomhnuidhe. Bhíodh an ceann le cailleadh ag an té a mbuaidhfeadh sí air.
    Aon lá amháin, bhí sí fhéin agus fear le dhul ag baint. Chuaidh an fear seo go dtí an gceártan, agus fuair sé bioranna iarainn agus chuir sé ins an bpíosa iad a bhí le baint ag an gcailleac. Nuair a bhuailfeadh an chailleach an speal in-aghaidh an píosa iarainn deireadh sí, faobhar, faobhar, a bhainfeadh féar, agus deireadh an fear, ní h-eadh acht fear maith láidir, agus speal mhaith géar. Fuair an fear an buaidh uirthí, agus chuir sé deireadh leithí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.