Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)

Suíomh:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 181

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 181

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
  2. XML Leathanach 181
  3. XML “Dán an Phíopa agus an Tae”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ndúil na cíche.
    II
    Dhá mbhéadh sé chomh dona agus tá siad a rádh linn, nach fadó bhí Éire, dá thrian dhe caillte,
    Ach an chead duine eireóchas ar maidin amárach
    Bheirim dhó mo bheannacht, agus chuiread sé síos an ciotal lán leis.
    III
    Beidh an cuid eile do'n chomhluadar in a gcodhladh go sásta.
    nó go gchloisidh siad torann na soithighe agus na bpaipéir
    Béidh siad ag éirighe mar a mbeadh Dia dha rádh leóbh,
    agus nach iad a bhéas umhal nuair a thiubhras tú braon in-a láimh dhóibh.
    IV
    Ní ghéillfinn do dhuine ar bith dhá aoirde a ghlór,
    go bhfhuil dochar sa bpíopa ach sláinte mhór.
    An té a chaithfeadh a dhóthain do deich n-uaire sa ló.
    Ní baoghal dó peachaidh na cathú an fhir mhóir.
    V
    Ach an té nach bhfuil a chaitheamh, Má's le chruadhas chroidhe nó le chinnteacht,
    luach púnt de thobach na raibh ar a fhághaltas choidhchinn, ach an té atá dhá chaitheamh go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraich Ó Fátharta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Locháin Thoir, Co. na Gaillimhe