Scoil: Magh Cuilinn
- Suíomh:
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Magh Cuilinn
- XML Leathanach 162
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ciste Óir i bhfolach
Tá ciste óir i bhfolach i gCill na Raithnighe i bparáiste Mághcuilinn. Trí céad d’airgead na Spáinne atá ann. Tá na cait fíadháine ag tabhairt aire dhó. Bhí fear ag obair ann uair amháin agus fuair sé clúdach. Bhí rud sgríobhtha ar an gclúdach. Bhí sé sgríobhtha i Laidean.
Chuaidh sé suas go dtí an sagart go léighfeadh sé dhó é. Do léigh sé é agus sé an mhíniú a bhí leis ná, “San áit a bhfuair tú é seo tá tuile ann”. Chuaidh an fear go Cill na Raithnighe aríst agus áthas mór air. Nuair a shrois sé an áit in a raibh sé ag obair ní fhéadfadh sé an spota a fhágháil amach. D’innis sé an scéal d’fhear eile. Tamall in a dhiadh sin chuaidh an fear sin dhá thóruigheacht. Fuair sé an áit agus bhí na cait fíadháine ann. Chuaidh sé abhaile le n-a ghuna a fhághail go sgaoilfeadh sé urcair leis na cataibh fíadhaine. Nuair a d’fhill sé leis an nguna ní fhéadfadh sé an áit a fhághail amach.
Máire Ní Donnchadha a thóg síos
Baile Coirce
Mághcuilinn
ó Marcus Mac Donnchadha (50 bliadhain)
Baile an Choirce
Mághchuilinn- Bailitheoir
- Máire Ní Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Chuirc Thoir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Marcus Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Baile Uí Chuirc Thoir, Co. na Gaillimhe