Scoil: Magh Cuilinn

Suíomh:
Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Donncha Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 172

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Magh Cuilinn
  2. XML Leathanach 172
  3. XML “Ainmneacha na nGarraí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ainmneacha na nGarrdha
    Seo é an t-ainm atá ar gharrdha sa bhfeilm sa mbaile, Gort Bhárr na gCaiseal. Bhí fear ina chomhnaidhe ann uair amháin. Bhí teachaín beag aige. Bhí cearca agus lachain aige. Ghoid an sionnach cearc uaidh. Casadh an sionnach ar an bhfear lá eile. D'iarr sé air cé'n fáth ar thug sé an cearc uaidh. Deirtear go raibh na h-ainmhidhthe indon labhairt fadó. Sé an freagra a thug an sionnach dó ná,
    I nGort Bhárr na gCaiseal
    Níor sheas mé le bliadhain.
    Cearc ná lacha
    Níor thug mé i'm ghiall.
    Tá garrdha eile ann agus siad na h-ainmneacha atá ortha ná, Garrdha Iaucáis, Garrdha Árd, Bárr Chlaidigh, Garrdha Mhicil Bhrian, Garrdha Gleannacha, Garrdha Mhagaidh, Garrdha Bhairtle Mharcuis, Ceapa Fhraoigh, agus an Riscín.
    Tá cnocán sa bhfeilm ar a dtugtar Cnocán Cruaidh. Tá go leor cloch ann agus sin é an fáth go bhfuil an t-ainm sin air. Bhí conacra ag fear i nGarrdha Iaucáis agus tugadh an t-ainm sin air ina dhiaidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Claídeach, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Claídeach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Conchubhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Claídeach, Co. na Gaillimhe