Scoil: Magh Cuilinn

Suíomh:
Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Donncha Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 186

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 186

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Magh Cuilinn
  2. XML Leathanach 186
  3. XML “Pisreoga i dtaobh Lá Bealtaine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pisreóga i dtaoibh Lae Bealtaine
    Is iomdha pisreóg atá i dtaoibh Lae Bealtaine. Níl sé ceart bainne nó im a thabhairt amach an lá sin. Ní leigtear splannc amach as an dteach an lá sin. Ní maith le daoine teine a chur síos go moch. Dá mbeadh muinn-tear an tighe ina suidhe go moch, agus dá mbeadh teine thíos acha acht muna mbeadh aon deatach le feiceál as teach ar bith eile do chuirfeadh siad an teine amach arís.
    Cuirtear an sgeach Bealtaine suas i ndíon an tighe. Is minic a cuirtear gad de timcheall na cuinneóige ar fhaitchíos go dtóg-fadh na sidheoga an bainne agus an t-im leó. Deirtear nach ndóighfeadh an teach dá mbeadh an sgeach Bealtaine ann. Bhí fear ann agus muna bhfeicfeadh sé an bhláth ar an sgeich Bealtaine go luath san Earrach ní theannuigheadh sé leis é. Cheap sé nach ndóighfeadh a theach dá mbeadh an sgeach Bealtaine ann. Bhíodh sé ’ghá rádh leis féin “Coinneóchaidh an sgeachaín Bealtaine mo thighthe gan bheith dóighte”
    Bhí bean ann fadó agus bhíodh sí ina suidhe ag fáinne an lae maidin lae Bealtaine. Bíodh sí ina suidhe faoi sgeiche agus túirne aici. Bhí an sgeach seo timcheall céad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Claídeach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Conchubhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Claídeach, Co. na Gaillimhe