Scoil: Magh Cuilinn
- Suíomh:
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Magh Cuilinn
- XML Leathanach 165
- XML “Tobar Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tobar beannúigie.
Tá chúig tobar beannúighthe i bparóiste Mághchuilinn. Tá cheann i dTuairiné, cheann eile i dTulla Chíadhain, agus cheann i gCílliugúla, cheann i gCorr bhaile agus tá cheann eile fresin súas i gCnocán Raithníghe.
Tá leigheas lé h-aghaidh súl tínn no le h-aghaidh doightheacha in gach tobar. Tá leigheas lé h-aghaidh an dá cheann í dtobar Cillín i gCorr bhaile. Deirtear go raibh sé ánn in aimsear na lochlannach agus gur líon lochlannach an tobar lé clocha agus cné acht núair a thainich sé arais ní raibh tada san dtobar. Do líon sé arís é acht bé an sgéal céadhna é, nuair a bhí sé gá líonadh an tríomhadh h-úair d'eirigh an t-uisge súas cúpla slat úaid, D'fhág an loclannach mar sin é annsin.
Bhí dealbh de'n Mhaighdean Mhuire ann úair amháin acht níl ánn anois acht píosa de.
Bhí bráthair ina a chómnúide in Atha Lúain tímcheall tríochadh blíadhnain ó shoin agus bhí aisling aige faoi an tobar agus séard a dúbhairt an Glór na an tobar a fhágháil amach agus seacht gclocha ó bhun an chrainn daraighe ata ós chionn an tobair a chaitheadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ó Réagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droim Chonga, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Bháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Garrán, Co. na Gaillimhe