Scoil: Magh Cuilinn
- Suíomh:
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Magh Cuilinn
- XML Leathanach 168
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Toibreacha Beannuighthe 14/12/’34 Tá ceithre thobar bheannuighte ins an bparóiste seo. Tá ceann í dTulaigh-ciadhain, ceann i dTuairíní, ceann i gCill Ugúla agus ceann eile sa mBaile Nua. Teígeann daoine ar cuairt orthu ar laethanta sírithe. Teígeann siad go dtí tobar Éanna i gCill Ugúla ar Dia h-Aoine agus Dia Domhnaigh agus Dia h-Aoine ina dhiaidh sin. Níl aon phaidir speisialta le rádh ag na daoine ann. Nuair a bhíonn suil tinn ag dhuine teígeann sé go dtí tobar Éanna. Sé an naomh a luaidhtear leis an tobar sin ná Naomh Éanna. Aon uair amháin bhí Tighearna talmhan i gCill Ugúla agus bhí a chuid beithidheach ag dul isteach i sean forthach Teampaill Éanna. Chuir sé cloch mhór a bhí ós cíonn an tsean dorais sa doras le na beithidhigh a choinnéal amach. Chuir lámh do – fheicsiona an cloch ar ais arís. Tá sgeach gheal ag fás os cíonn an tobair. Tá cill Ughúla dhá míle ó Mhaghcuilinn.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréadh Ní Chuilionáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Siubhán Bean Uí Chuilionáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe