Scoil: Magh Cuilinn
- Suíomh:
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Magh Cuilinn
- XML Leathanach 174
- XML “An Maistreadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Maistreadh
Tá cuinneóg againn sa mbaile. Rinneadh í timcheall seacht nó ocht mbliadhna ó shoin. Siad gléasanna na cuinneóige ná an (loitne) loimthe, an clár agus an rothán. Tá marc ar bhárr na cuinneóige agus tá marc eile ar an gclár. Nuair atáthar ag chur an chláir ar an gcuinneóig cuirtear an dá marc sin le céile ionnus go mbeadh an clár feistighthe go ceart. Tá poll i lár an chláir. Bíonn an loimthe ag dul tríd an bpoll sin.
Déantar an maistreadh níos mincidhe sa samhradh. Bíonn sé níos deacra im a déanamh sa ngeimhreadh. Acht bíonn sé níos éasgaidh an t-im a thógáil amach sa ngeimhreadh.
Déanann bean an tighe an maistreadh de ghnáth. Le maistread a déanamh beirtear ar an loimthe agus buailtear síos agus suas é. Nuair a bíonn an t-im ag teacht ann deirtear go mbíonn sé briste. Nuair a bíonn an t-im cruinnighthe ar an loimthe bíonn an maistreadh déanta. Cruinnightear an t-im leis an loimthe. Annsin tógtar amach é agus cuirtear sa mhéis é. Nightear annsin é agus cuirtear salann ann.
Nuair a thagann strainséar isteach agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Claídeach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Conchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Claídeach, Co. na Gaillimhe