Scoil: Magh Cuilinn

Suíomh:
Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Donncha Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 178

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 178

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Magh Cuilinn
  2. XML Leathanach 178
  3. XML “Domhnall Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a chuaidh an tinncéar ag an mbarraile, táinich fear ina sheasamh ar an mbarraile agus gan aon ceann air. Rith an tinncéar anuas le faithcíos. Chuaidh Domhnall é féin suas ag an mbarraile agus chaith sé anuas an fear gan ceann agus thug sé leis an buicéad leanna. D’ól sé féin agus an tinncéir a ndhóthain go breag. Budh gearr ina diadh sin go dtáinich triur fear isteach ag buala báire, bhí beirt achu in aghaidh duine agus bhí sé sin le marbhú dá bfaghadh an beirt an buaidh air. D'eirigh Domhnall suas i gcongnamh den fhear aonraich arís agus níor airigh sé ag imtheacht iad. Ní raibh smid ar bith as an dtinncéar i gcaitheamh na h-oidhche. Níor bhfada dhóibh annsin go dtainic triur eile isteach agus conra ar a nguailuibh achu. Thainich an-fhaithcíos ar tinncéar acht níor chaill Domhnall a mhisneach. Thugadar anuas an conra ag an teine, d'fhágadar ann é agud d'imthigheadar féin amach. Faoi dheire d'eirigh Domhnall agus thog sé an clár de'n chonra, agus bhí fear ann nach raibh caíllte amach is amach. Thóg Domhnall as an gconra é agus théighidh sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Suibhne
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    D. Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46
    Seoladh
    Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe