Scoil: Magh Cuilinn
- Suíomh:
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Magh Cuilinn
- XML Leathanach 189
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dul í dtosach maidin an phósta.
Tá pisreoga eile freisin go gcaithfidh an bhean atá le pósadh, rud nua, sean rud, agus rud ar íasacht, do caitheamh an maidin sin.
Tar-éis an pósadh teigheann an lánamha agus gach duine eile a bhíonns ag an Seipeal abhaile go dtí teach an fhir, agus bíonn bricféasta mór acú.
Bíonn na comhuirsain go leir cruinnighthe isteach freisin agus íad ag damhsa agus gabhail amháin. Bíonn na sean daoine ag suidhe cois na teineadh, cuid acú ag ól uisge 0 beatha, agus an cuid eile ag innseacht sgealtá.
Ins an oidhche bíonn bainfheis acú agus teigheann cuid de na daoine amach ins an sgioból ag damhsa. Bionn togha gach biadh agus togha dithe ann, agus bíonn cuid de na daoine súgach leis an méid uisge-beatha a bhíonns ólta acú.
Ní thagann an cailín atá pósta abhaile go dtí teach a h-athair go ceann míosa, agus nuair a thagann sí annsin, bíonn oidhche mór eile acú. Tugtar an cuairt míosa ar an gcuairt sin, agus fanann sí ar feadh seachtmhain í dteach a h-athar an uair sin.
Fadó is ins an trathnóna a póstaoí daoine, agus bhíodh go leor cárr-cliathánacha acú(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Muircheartach Ó Dabhorain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na hAille, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Muirceartach Ó Dabhorain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Baile na hAille, Co. na Gaillimhe