Scoil: Magh Cuilinn
- Suíomh:
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Magh Cuilinn
- XML Leathanach 202
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is maith an rud a bheith fial do'n bhocht
Agus gan ár gcroidhe bheith cruaidh le h-olc
Geibhimíd ó Dhia arís fá h-ocht
Má tugaimíd cuid de'n bhocht
Má doirtear bainne deirtearGo leigidh Dia slán an mháithreach,
B'fhéidir gur theastuigh sé áit eicínt eile
An Paidir Geal
Go mbeannuighidh Dia dhuit a phaidir gheal
Go mbeannuighidh Dia's Muire dhuit
Cár chodail tú aréir - mar chodail mac Dé
Cá gcodlóchaidh tú anocht ? mar codlóchas na boicht
Cá gcodlóchaidh tú imbárach - mar chodlóchas Pádraic
Céard sin romhat ? Tá na h-Aspoil
Ceárd sin do dhiaidh ? Ta na h-aingle
Ceárd sin ar do láimh dheis ? Tá naoi ndeora d'uisge an Domhnaigh a chuir Muire liomsa ag déunamh eolais
ó dhoras go doras go Doras Párthais.
Dá mbeadh agamsa eochair Párthais d'osclóchainn
Do dhoras déug na cathrach namhaid
Tá dabhach óir sa teach údan thall agus coinneal ar lasadh ina lár
Brighid is a brat, Micheál agus a sciath agus a dhá- láimh(?)
thart uirthi ag dul i gcoinne ár n-anamnacha.Amen(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Sighle Uí Bheáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe