Scoil: Magh Cuilinn
- Suíomh:
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Corruigh mo chos go moch cun an Aifrinn
Corruig mo bhéal ar Mary Bheannuighthe
Corruigh mo lámh ar shlabhraibh m'anma
Oscail mo croidhe agus díbir an gangaid as
Amharc suas ort a mhic na banaltra
Mar is tú féin is fearr a cheannauigh muid
Táim ag iarraidh impide is athchuinge ort
Loghaidheacht an Aifrinn agus (?) Aifreann
Dár dubhradh ar fuid an domhain mhóir indiu
A Mhaighdean ghlórmhar mórmhar, maiseach
Is tú mo stór mo run is mo thaisge
Is tú an Réalt Treorach romham gac bealach
Gus go Gleann na nDeor atá mo tharraingt
* * *
Nuair feictear an ghealach nua deirtear
Más sláinteamhail a fuair tú me go mbud seacht míle fearr a fhágas tú mé mé féin agus mo mhuinntir
Máire Ní Shuibhne
Maghcuilinn
ó Shíghle Uí Bheáin
Leamhchoill
Maghcuilinn- Bailitheoir
- Máire Ní Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Síghle Uí Bheáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe