Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Shindilla
- XML Leathanach 265
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chaoí a bhí an talamh roinnte acu ina áit fhéin, ó arsa an fear píosa annseo agus píosa annsúd. Is é seo (atá) an caoí atá sé againne arsa an táilliúr. Fuair sé an tlú agus bhí sé ag tarraingt tríd na luaithe é, agus an cáca an t-am céadna. Chuaidh an táilliúr a chodladh arís. Nuair a bhí sé in-a chodladh chuaidh an fear amach le h-aghaidh píosa gabaiste a bhainfeadh an t-ocras dhó. Lean an táilliúr é agus bhuail sé é, agus glaoidh sé gadaidhe bradach an gabaiste air. Annsin cuaidh sé isteac agus d'iarr sé ar an inghean ce'n fear a bhí ag goid an ghabáiste. Dubhairt an tailliúr "mharbhuigh mise annsin amuigh ins an ngarrdha anois é. Ó arsa an inghean nach é sin fear an tighe atá marbhuighthe agat. Thóg siad isteach inaice an teineadh é acht b'éasgadh an cleamhnais a dhéanamh ar maidin.
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Bhrian
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Doiriú Thuaidh, Co. na Gaillimhe