Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fir láidre ag cuir dubhlán fá chéileUair amháin bhí dubhshlán idir na daoine as Uachtarárd agus na fir as Duithche Sheóigeach. Chasadh siad ar a chéile leath-bealaigh ar thaobh sleibhe in aice le loc Coirib. Bhí fear os cionn gach roinnt(?) acu, mar gheall nach raibh siad in aice le aon dochtúir, no teach, in aice leis an sin. Bhí Suilleabhán os cionn muintir Uachtarárd, dubhairt sé go mbeadh carraidheacht acu. Ó Suuilleabhán a bhí le carraidheacht a dhéanamh le Seóíge as Duithche Sheóigheach, agus 'sé an t-ainm a bhí air Jaicín na mbáiníní agus bhí sé beagnac seacht troigh ar aoirde. Bhí sé reamhar agus láidir. Thosuigh Suilleabhán ag carraidheacht leis. Ba's Gleann é seo agus ní raibh leath an méad ann is a bhí sa bhfear mór. Dubhairt Jaicín, 'má tá sé beag fhéin tá neart ann". Leag Ó Suilleabhán trí uaire é agus fuair muinntir Uachtarárd an lá Troideadh é seo i Leic Aimhreidhe.Máirtín Ó Cheallaigh
Cros Bhóthair Máma.- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Cheallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Teach Dóite, Co. na Gaillimhe