Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Shindilla
- XML Leathanach 315
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leigheasanna
Tá leigheas i neantóg dá mbeadh pianta in do chnámha, é a chuimilt dóibh.
Dá mbeadh gearradh are do láimh no do chois tá leigheas sa gcruach phádraig, billeog glas a bhíonn ag fás sa bhféar. Is ceart é a thabairt is é a chongbál in aice leis an tine no go mbeadh se searghtha annsin é a bhrughadh síos ar an ghearradh.
Dá mbeadh tinneas fiacla ort agus frog a chur in aice leis an fiacal tinn agus ní bheadh sé i bhfad no go mbeadh sé níos fearr.
Tá leigheas i linn beag a casfaidhe ort i leac agus gan súl agat leis. Dá mbeadh tinneas ar do lámha ar nós faithne agus iad a sáitheadh síos ins an uisge dimteochadh siad díot. Deirtear freisin mar bhíonn ar duine amháín agus duine eile gá comhaireamh dimteochadh siad den duine atá siad air agus tiocfaidh siad ar an duine eile.
Tá leigheas in dtobar Maméan agus teighteann daoine ann gach bliadhan ar turas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Niadh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Teach Dóite, Co. na Gaillimhe