Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)

Suíomh:
An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 330

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 330

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Shindilla
  2. XML Leathanach 330
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bóithre an ceanntair
    Na h-aimneacha atá ar na bóithre seo; Teigheann ceann go Gaillimh, ceann go Muigheo, Mám, ceann go Clochán agus ceann go Rosmuc. Tá sean bhóthair ag dul go Árderrú as teach na Sidheóg acht ní déantar mórán usáid dhó anois. Tá sean bhóthair ag dul go Oorid as Bunscanff. Ba aithghiorra é seo ag muinntir Oorid acht níl sé in usáid anois. Deineadh sé seo sa droch-saoghal. Tá bóthar freisin ag dul ón Derrú go Rosmuc. Déantar usáid dhó sin fós. Deineadh é seo sa droch-shaoghal. Tá aithghiorra freisin ag dul ó Sindile go dtí an Derrú acht is corr uair a déantar usáid dó anois. Tá sean-bhóthair soir ag na h-Illeana ag dul go Gleanntrasa agus téigheann daoine fós air. Téigheann ceann ó Cnuich an Daimh go Guirt Mór. Tá sé in usáid fós.Tomás Ó Niadh, Cros Bhóthair Máma.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Niadh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Teach Dóite, Co. na Gaillimhe