Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 371
- XML “An Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bás leis an faitchios an oidhche sin. Nuair a bhí an stoirm thart do bhí barraí na tíre go léir millte.
Bhí stoirm eile ann caogadh bliain ó shoin. Ar an 6adh lá d'Eanair a bhí an stoirm seo. Stoirm agus fúacht a bhí ann agus fuair na caiple agus na beithidhigh bás leis an bhfúacht. Adeirtear go raibh fear ó Bhárr a' Sléibhe ag siubhal síos agus suas an sliabh an lá sin lein a chuid beithidhigh le hiad a choinneal te.
Bhí báisteach trom annseo ocht mbliadhna ó shoin agus báisteach trom eile deich mbliadhna ó shoin. Adeirtear gur néal a briseadh ocht mbliadhna ó shoin agus bádhadh trí mhuc annseo. Rinne an báisteach deich mbliadha ó shoin go léor díoghbhala ar gach rud. Ní raibh na daoine in-ann an féar a shabhail ná an mhóin a thabhairt abhaile an bliadhan sin. Mhill an báisteach sin na fataí freisin.
Bhí tuilte troma i n-Abhainn Rife i n-Uachtar Árd fice bliain ó shoin. Bhí fear ó Ghleann ag dul abhaile ó Uachtar Árd agus bhí sé dorcha. Rinne sé iarracht dul treasna ach theip air agus do bádhadh é.
Adeirtear go raibh leac-oidhre ar Loch Coirb traochadh bliain ó shoin ó Mhárta go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 50