Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 374
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tugann daoine rudaí beannuithe leó go dtí an tobar mar croicheanna agus dealbhacha agus fágann siad le h-ais an tobair. Nuair a thugann daoine turas ann deireann siad fáilte an Aingil seacht uaire an Phaidir seacht uaire agus Cré na nEasbol uair amháin. Má éistigheann an Naomh leis na paidreacha chifé an duine péist nó rud mar sin ag siubhal i n-aice an tobair má tá an duine ag fághail leigheas agus má fheiceann sé rud marbh gheobhaidh sé bás. Deirtear go bhfuil leigheas le fághail ar mhuinéal tinn i dtobar Naomh Chaitbert. Bhí mhuinéal an-tinn ag fear uair amháin agus chuaidh a bhean chuig an dtobar. Dubhairt sí na paidreacha agus cúpla lá ina dhiaidh sin bhí biseach ar an bhfear. Níl aon iasc ins an dtobar. Beireann daoine cuid de'n uisge leó abhaile agus craitheann siad é i ngach áit san teach. Tá clocha i n-aice an tobair agus cuireann na daoine an Croich Céasta ortha féin leis na clocha sin. A deirtear go bhfuil an usige beannuithe sin go han-mhaith le craitheadh le linn stoirme.Tá tobar beannuithe eile idir Gleann agus Maam. Tá sé suidhte i lár páirce mór fé bhun aill. Tá an aill sin seachtmhoghadh troigh i ndoimhneacht. Bhí iasg(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50