Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 384
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí go leór tighthe ann san tsean-aimsir. Tá na tighthe go léir imthighthe anois, nídh nach iongna, acht ta a rian le feicsint i ngo leór áiteanna fós. Deirtear go raibh fiontanach mar ceann ar chuid de's na tighthibh agus fraoch ar chuid eile aca. Dath bán an dath a bhí ar an fiontanach san. Bhí go leór fiontanach ag fás ar na sléibhte an uair sin. Ghearraidís é an chéad lá agus craothidís é amach taréis seachtain chuiridís suas ar an teach é.
Bhí leabaidh an uair sin ins an tighthibh go léir beagnach agus tugtar an cailleach ar an leabaidh sin. An fear a' tighe agus bean a' tighe a bhí ina gcodladh sa leabaidh sin. Bhí an leabaidh sin in aice na teine agus bhí áit dhó fághtha isteach sa bhaile. Bhí an leabaidh sin cosamhail le bosca, ní raibh ach taobh amháin de fágtha oscailte agus nhí an chuid eile clúduighthe le ádhmaid.
Níor chuala mé riamh faoi aon(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 50