Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 409
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)déantar prionda de. Deirtear, má iarrann aon duine im ort nach bhfuil aon salann air go dtógfadh sé an t-im ort
Ceapann na daoine go dtógann na sídheóga an t-im nó an bainne leó Oidhche Bealtaine. Deirtear gurb iomdha duine a chuaidh amach an maidin agus ní bhíodh sreabh bainne ag na buaibh. Deirtear freisin nach ceart an chuinneóg a líonadh idir an dá dhorais. Seo sgéal faoí Oidhche Bealtaine. Bhí fear amuigh ar an sliabh oidhche Bealtaine agus chonnaic sé beirt ban ag bleaghan rópa. [!] Rith sé i ndiaidh na mná agus thóg sé an sópa. Nuair a tháinic sé abhaile sháith sé an sópa i mbairille. Níor chuimhnigh sé ar an sópa annsin go dtáinig Lá Bealtaine arís. D'féach sé ins an mbairille annsin agus bhí sé lán d'im.
Cuireann na daoine Crann Bealtaine suas ar an dteach Oidhche Bealtaine ar eagla go dtógfadh na sídheóga an bainne ó na ba. Is iomdha duine a chuaidh amach ar maidin agus ní bhíodh sreabh bainne ag na buaibh.- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brighidh Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Oiriúlaigh, Co. na Gaillimhe