Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)

Suíomh:
An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 415

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 415

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 415
  3. XML “Fathaigh agus Cailleacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dá h-éireóchadh leis an gcailleach Béarach a chos a chur ar an dtalamh ar an dtaobh eile bheidh ceithre oiread neart aicí. Bhuail an chailleach í an tríomhadh uair, agus báidh í an uair seo.
    Annsin tharraing muinntir an chailighe an loch agus fuaireadar a corp. Chuireadar í i gCairn Suidhe Fionn, agus bhailigheadar na clocha go léir a bhí caithte ag an gcailleach eile, agus rinneadar cromlech ós a cionn. Tá an cromlech tuithte ó 'na chéile anois ach amháin cairn clocha.
    Seo sgéal eile faoí an chailleach Bhéarach. Ní raibh aoinne i nGleann i n-ann an chailleach Bhéarach a bhualadh ag baint fhéir. Bhí fear i nGleann agus d'imir sé cleas uirthí. Fuair sé na fiacla a bhíos i bráca agus sháith sé iad ins an sraith ina raibh an chailleach. Bhí na fiacla ag briseadh an speal uirthí, agus bhí an buadh ag an bhfear. Dubhairt an Chailleach Bhéarach uair amháin gurb é ag baint coirce le corrán an obair is cruaidh ariamh, mar bíonn tú ag (tosa) tomhaseadh an talamh le do dhornaibh.
    Bhí troid idir dhá fhathaigh uair amháin, agus nuair a leigfeadh fathach amháin a chos ar an talamh bheidh ceithre oiread neirt aige. Fuair an fathach eile an buad air mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. fathaigh (~518)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Uaitéar Mac Donachadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort Oiriúlaigh, Co. na Gaillimhe