Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 204
- XML “An Dá Chreideamh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ua Conchubharaigh - Séamus O Concubhair agus Pádraic O Concubhair - in Árainn a bhíodar ar dtús. Tháiniceadar amach go Conamara annsin. Bhí Padraic sa gCeathramhadh Ruadh agus Séamus i nGarumna.
Sé Séamus a rinne an t-amhrán sin
"An Dá Chreideamh"
Cuireadh i gcló é sa "Stoc" blianta beaga ó shoin
Sé Pádraic a rinne "Amhrán an Ghearáin".
San am a raibh sé in Árainn bhíodh líon dá shaothrú ar an Oileán. Ghnitheadh na daoine féin obair an lín uilig. Ghnídís snáth dhi le haghaidh eangacha agus eile. San am áithrid seo bhí an líon ag muinntir an oileaín agus é sgartha amach aca i nGarrdha Bán dá thuaradh. Chuaidh gearán le fear eile isteach sa ngarrdha san oidhche agus thosuigh sé dá ionfairt féin san líon. Thosuigh an líon a' casadh timcheall air agus faoi dheire ní raibh ann ac meall mór lín agus gan an gearán le feiceál chor ar bith. Nuair a tháinic na daoine agus a chonnnaic siad an bhail a bhí ar a gcuid lín bhí siad a' dul le cois, le fear an ghearáin. Casadh fear an ghearáin le Pádraic O Conchubhair ar maidin, agus Padraic a' dul 'un na trágha. D'innis sé an sgéal do Phádraic. Bhí sé a' ceapadh nach bhfágfadh óinéaraí an lín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Mac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Liam
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inis Bearachain, Co. na Gaillimhe