Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair amháin chuaidh fear amach ag iasgach maidin domhnaigh sul má chuaidh sé ag an aifreann.Bhí sé ag marbhú go leór éisg.De réir mar bhí an taifreann gar dá bheith dhá radh bhí an fear ag fághail go leór éisg. Sa deire rith sé abhaile agus chaith sé an t-iasg agus an dorúha ag a bhean. Rith sé chuig an aifrinn acht bhí na daoine ag teacht abhaile roimhe. Tosuigh an fear ag sgréachaoilt agus d'fhiafhruigh na daoine dhó céard a bhí air. Dubhart sé go raibh an aifreann cáillte aige. Díolfaidh mise leat é adeir fear eile. "Muise cé mhéad a bhainfas tú dhíom air," adeir sé. Punt arsa seisean. Rith an fear abhaile agus d'iarr sé púnt ar a bhean. 'Cé le haghaidh a bhfuil sé agat' arsa sise? Ná bac le cé le haghaidh acht tabhair dhom é adeir sé. Thug sí an púnt dó agus d'imthigh sé. Thug sé an punt leis go dtí an fear eile agus chuaidh gach duine aca abhaile.Faoi ceann tamaill cailleadh an fear a dhíol an taifreann, agus ní leigfidh isteach ins na flaithis é mar geall nach raibh an taifreann aige.Chuaidh sé ar ais go dtí an fear a cheannuigh an taifreann uaidh, agus dubhairt sé nach leighfidhe isteach ins na flaithis é mar a bhfághadh sé an taifreann ar ais.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siúbhán Ní Ráighne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 35
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe