Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 334](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0068%2FCBES_0068_334.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 334
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thangadar uilig isteach agus an luch bruite rompu. Thóig an bhean an luch agus thug sí cupán don súp do na fir. Nuair a d'ól an gasúr é, bhí a fhios aige cé raibh chuile chiste óir sa domhan i bhfolach ach nuair a roinn an bhean an feoil, ní raibh a fhios aige tada. Chuaigh siad a chodladh ansin agus nuair a dhúisigh sé fuair sé é féin caite faoin mbruach talmhan sa gcnoc agus cloigín draochta ina phóca. Bhí sé de bhua aige na héisc a mhealladh. Thosaigh se gá bhuala sa deireadh thárla go dtáinig sé go dtí loch nó abhainn. Nuair a chuala na bric é, thosaigh siad ag léim suas ar an ngasúr agus scanradh sé agus thit an cloigín as a láimh.
Thug na bric a naghaidh ar an abhainn ansin, thuig an gasúr é féin, thug sé an cloigín abhaile chuig a athair agus a mháthair agus bhí siad ag díol éisc gur cailleadh iad.- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chatháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe