Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Iarthach
- XML Leathanach 336
- XML “Breasal Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na n-am codlata agus dhubhradar an phaidrín, annsin seadh chuimhnigh sí go ndeárna sí dearmad ar ainm an duine uasail. Bhí sí trí na céile ach níor leig sí sin uirrí le na fear. Dubhairt sí annsin go gcaithfidh sí feánach uisge a thabhairt isteach. Bhí an ghealach i na suidhe. Shiubhail Úna léir ariamh go dtáinig sí go cnocán an leasa is i ag guidhe Dé ainm an duine uasail a theacht ina ceann. Bhí sí ag dul thart ann nuair cheap sí gur chuala sí ceol. Tar éis tamaill bhí an ceoil ag teacht amach soiléar. Céard a bhí ann ach mná sníomhacháin is iad ag gabhail.
"Bheidh bean ag breasal bán..." Tá liom ars Úna, sin é an t-ainm a bhí ar an fear uasal". Chuaidh sí abhaile agus chodail sí go maidin.
Tháinig an duine uasal le tuitin na h-oidhche an oidhche na dhiaidh sin. Nuair a tháinig sé isteach. "Muise go bhfága Dia do shláinte agat a bhreasail bháin" arsa Una. Bhreathnaigh an fear uasal uirthi. D'iompaigh sé ar ais agus amach leis. Shíl Úna breathnughadh i-n dhiaidh ach bhí sé imthighthe agus tásg na tuairisg níor cuála sí ariamh ar na 'na dhiaidh sin.- Bailitheoir
- Áine Ní Maithnín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Catháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann