Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Iarthach
- XML Leathanach 469
- XML “Tobar Naomh Cuimín”
- XML “Tobar Naomh Conall”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ( Áine Ní Mháithnín a sgríobh na píosaí seo leanas ó bhéal-aithris a máthair mór Máire Ní Chatháin gur aois di 79 bliadhain )
Tobar Naomh Chuimín
Tá tobar thíor ag Uachtar Árd agus tugtar tobar Chuimín air. Deirtar gur é naomh Chuimín a chur an tobar ann. Lá bhí sé ag siubhal ar an tráigh. Chonnaic sé breac ag éirighe anios as an tráigh agus thóig sé gluic don ghainimh agus d'éirigh tobar ann. Sin é an chéad uair a fríothadh tobar Chuimín.Teigheann daoine ann ag tabhairt turais gach bliadhain ar an séamhadh lá déag de Lughnasa. Ní leigheastear aon daoine ann ach tugann siad leo an t-uisge a bhíonn ann. Tá loch ag teacht ann agus níor mhór do duine a bheith ann roimh uisge an locha mar ní bheadh tú indon aon turas a thabhairt mar gheall ar an t-uisge. - Bhí fear i na chomhnuidhe in Éireann a dtugtar Conall air.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Mháithnín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chatháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79