Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Iarthach
- XML Leathanach 335
- XML “Breasal Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lánamhain i na gcómhnuidhe i Roscomáin uair amháin. Colm ab ainm do'n fear agus Úna ab 'ainm do'n mnaoi.
Bhíodar an-chruadhógach éarrach áirithe; bhí go leor le déanamh ag Colm ar an bhfeilm agus Úna an-ghnóthach mar an gcéadna. Bhí uirthi an teach a réidhteach, ach freisin bhí uirthi sgioból lín a shníomh. Tráthnóna amháin bhí droch-
mhisneach uirthi le a raibh le déanamh aice.
Annsin bhuail duine an doras. Fear uasal a bhí ann. Chuir Úna fáilte roimhe agus thug sí áit suidhte dó. Bhíodar ag cainnt ar an aimsir annsin agus dubhairt an fear uasal
"Tabhair dom an méid lín atá agat mar tá conganta agam sa mbaile agus is gearr a bheidheas siad dhá shníomh." " Go raibh míle maith agat" dubhairt Úna agus chuaidh sí amach sa sgioból ach nuair a tháinig sí isteach labhair an fear uasal léithe. "Ta coingheall amháin agam le cur ort" adeir sé mar a mbeidh m'ainm agat dom nuair a thiocfas mé aríst caithfidh tú a bheith ar aimsir agam chuile lá dhe do shaoghal.
M-ainm is mo shloinne "breasal bán". Rug sé ar an lín agus tug sé leis é. Bhí go maith is ní raibh go holc. Nuair a bhí sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Maithnín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Catháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann