Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1
Ar Choinnleach glas an fhóghmhair.
A stóirín 'seadh dhearc mé thú.
Ba deas í do sheasamh i mbróigín.
Is ba ró-deas í do leagan súl.
Do ghruadh ba deirgre má'n rós.
Is do chúilín a bhí fighte dlúth.
Is é mo lean fearr gan mé is tú
pósta.
No ar bhord na luinge ag dul anonn.
2
Do fuair mé leitir sgríobhta.
Ó mo "sweet heart" is casaoid chruadh.
Chuir mé asteach[?] air airíst í.
Is m chroidhe istigh chomh dubh le gual
A Mháire ba dheise gáire.
'Sé mo léan géar gan mé is tu seal.
Ar Oileanín Crua' Phádhraic,
Is gan bádh againn le dul amach.
3
Throisgfainn-se naoi lá leat,
Naoi dtrath leat de chómhrádh chiúin,
Mar suil is go bhfuighinn ort sásamh
Faoi a ndearnais de mhagadh fúm(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Liodáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe