Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Iarthach
- XML Leathanach 358
- XML “Scéal faoi <span class="exact">Oíche</span> <span class="exact">Shamhna</span>”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uatha an chónra. Do bhí iongantas mór air agus cuaid sé go dtí í. D'osgail sé í agus bhí bean óg áluinn istigh inntí. Do thuig sé annsin gurb’iad na daoine maite a bhí ann agus an bean óg aca. Thug sé abhaile ag ceann a mháthair í. Ní raibh aon cainnt aice ach í ' na codladh. Nuair a tháinic Oidhche Shamhna aríst, chuaidh sé go dtí bruigheann na sidheóg agus bhí na sidheóga istigh ag cainnt roimhe. Bhí siad ag cainnt ar ar oidhche a dtug sé leis an bean. Agus dubairt siad gur bhliadhain ‘san oidhche” nocht tug sé leis an bhean óg uatha. Nach beag an mhaith do rinne sí dó” adubhairt duine. "Ní bheadh sé mar sin” adubhairt duine eile “dá mbainfead sé an biorán suain as a gruaig, bheadh sí com maith is a bhí sí ariom”. Nuair a cuala sé an cainnt sin d’imtig sé abhaile agus tharraing sé an biorán agus bhí sí com mait is a bhí ariamh. Annsin pósadh iad agus mhair siad go sona sasta an faid is a mhair siad.
- Bailitheoir
- Pádhraic Ó hAllmhuráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Áine Ní hAllmhuráin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe