Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 333
- XML “Stór Airgid i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bhfuil stór airgid i bhfolach taobh thiar de thig Shorca. Sé Páidín Mór a chuir ann é. Deirtí go mbíodh na daoine an tsantach san airgead fadó agus sé an chaoí a gcuirdís i bhfolach é.Deirtear go raibh sean fhear ag an mbaile agus d'fheicfeadh sé an easgon ag teacht 'chuile lá ach níor chuimhnigh sé ar an airgead. Lá amháin dubhairt sé leis fhéin go rachadh sé chuig an áit sin go bhfeicfeadh sé 'tuige a raibh an easgon ag teacht mar sin 'chuile lá. Thoisigh sé ag cartughadh na talmhan go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh sé é ach ní bhfuair. Deirtear nach bhfuair aon duine an t-airgead sin ariamh.Nuair a bhí Páidín an tsean chuir sé an t-airgead níos doimhne san talamh ar fhaitchíos go bhfuigheadh aon dhuine é thar éis a bháis. Deireadh Sorcha go mbíodh solas le feiceál ann gach céigeadh bliadhain agus deireadh go leor daoine eile(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Uí Conaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gairfean, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Gairfean, Co. na Gaillimhe