Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 389
- XML “Baintreach agus Feilméara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Baintreabhach agus feilméara.Bhí baintreabhach agus feilméara ann fadó. Cheannuigh an baintreabhach píosa talmhan le haghaidh fataí a chur. Chuir sí fhéin agus an chlann na fataí. Bhí go maith is ní raibh go holc bhí na fataí chomh breágh sin agus gur choinnigh an feilméara na fataí uaithi.
Ní raibh fhios aice céard a dhéanfadh sí. Sgathamh maith ina dhiaidh sin cailleadh an feilméara. Nuair a bhéadh na daoine ag dul thar theach an phobail d'aireochadh siad torann agus ní leigfeadh an faitchíos do na sagairt a dhul isteach ann. Chuir an Pápa leitir chuig na sagairt ag fiafruigh dhíobh an mbéadh sé de misneach ag duine ar bith dul isteach ann. Bhí sagart amháin ann agus chuaidh sé isteach ann agus dubhairt sé leis an taidhbhse imtheacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Thnúthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Tnúthail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe