Scoil: Ros Muc

Suíomh:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Stiofán Ó hOisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 380

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 380

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Muc
  2. XML Leathanach 380
  3. XML “Scéal fá Leac Bheannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá dhá thobar bheag ar na Beitheaca Mine. Oileán atá idir Inis Trágh Mhóir agus Roscíde. Dhá thobar an fhaisiúnta is 'eadh iad. Tá siad an chosamhail leis an Iomar Baiste agus tá siad níos mó ná pota ceithre ghalún agus deirtear nach féidir a n-íochtar a fhagháil tá siad chomh doimhin sin.
    Bhí leac ag na tobair sin agus chuala mé mo muinntir a' rád gur ag Naomh a bhíodh sí ag baisteadh daoine ag na tobair sin. Deirtear go leigheastaí daoine go leor aca fadó.
    Níl siad ach leath orlach ó na chéile. Tá siad déanta thíos ar bhord an cladaigh agus tagann an taoile ionnta. Is mor an nídh é sin mar bheadh siad níos slachtmhaire ag na daoine atá ag tabhairt turais ann. Chonnaic mé fhéin go minic iad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Thúthail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Tnúthail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Ros Cíde, Co. na Gaillimhe