Scoil: Ros Muc

Suíomh:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Stiofán Ó hOisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 402

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 402

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Muc
  2. XML Leathanach 402
  3. XML “An Gadaí Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Gaduidhe Dubh
    Bhí fear ann fadó agus bhí mach aige. Thug sé fóghluim mhaith do'n mhac chómh maith agus b'fhéidir leis a thabhairt dhó. Nuair a bhí an mac ina fhear le dhul i bpost ar bith bha mhian leis an athair a fhághail dhó. Dubhairt sé leis go mb'fhearr dhó dhul le ceird agus pébí rud a chaillfeadh sé fhéin leis nó pébí céird ab'fhearr leis a dhul lei go raibh sé sásta oiread eile a chailleadh leis agus go mbeadh sé ina thógha fir ceirde.
    Dubhairt an mac leis nár mhiste leis dhul le céird ach nach ngabhfadh sé le aon chéird go bráthach ach le gaduidheacht. Nuair dubhairt sé an chainnt sin leis an athair ní raibh sé sásta cor ar bith. Bheadh an t-athair sásta pébí eile céird a ngabhfadh sé léithe ach le gaduidheacht. Dubhairt an mac go raibh máighistir maith le bheith aige a mhúinfheadh dho 'chuile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Thnúthail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Thnúthail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Ros Cíde, Co. na Gaillimhe