Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 201](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0070%2FCBES_0070_201.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 201
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- XML Leathanach 201
- XML “Pota Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is minis a faightear pota óir ibhfolach ináiteacha. Bhí sean-fhear ann fadó agus bhíodh sé ag cloisteáil go bhfuigheadh daoine pota óir ibhfolach faoi chrainntibh. Bhí cuid mhaith crann in a gharrdha féin seachas garraí ar bith eile ar an mbaile. Lá amháin chuaidh sé amach ina gharrdha is thug sé leis láighe, thosuigh sé ag cartadh fé bhun na gcrann.
Casadh cloch leis is thóg sé í as a bhealach. Nuair abhí siad uilig cartuighthe aige is nuair nach bhfaca sé tada thóg sé cloch is thug sé leis isteach é. Chaith sé in aice na teineadh ag rádh nach raibh tada aige de bharr an laé acht an chloch sin.
La'r na bháireach thug sé fá deara go raibh focla sgriobhtha ar thaobh na cloiche. Ní raibh aon fhoghluim aige agus d'fhág sé idtaisge í go bhfuigheadh sé duine a léighfeadh é. Thug sé sgoláire isteach lá go léigheadh sé dhó é. Léigh an sgoláire na focla.
Dubhairt sé gur focla(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Colm Seóige
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe