Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cuid de mhuinntir na háite seo braon dé'n bhainne ar an talamh nuair a bhligheann siad an bó agus cuireann siad cómhartha na croise uirthe freisin.
Nuair a bhíos an bhó taréis laogh a bhreith cuirtear píosa de éadach dearg ar a drioball ionnus go mbéadh an tádh uirthe.
Bíonn crúdh capaill crosta san sgioból in a mbíonn an bhó ionnus go mbéadh an tádh uirthe.
Nuair a bhíos muid ag blaodhach ar na lachain séard a deireas muid "fút", "fút" agus cuireann sé i numhal dábh go bhfuil an bheatha fútha.
Nuair a bhíos muid ag glaodhach ar na caoirigh séard a deirtear "seomhainín, seomhainín," sé sin seo uainín.
Nuair a bhíos muid ag glaodhach ar na géabha séard a deirtear "beaduidhe beaduidhe,"
Nuair a bhíos muid ag seóladh na mbeithidheach séard a deirtear leó "seoch seoch" sé sin seo amach.- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Mhaol-Dia
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe