Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 228
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuartuigh siad í agus d'fhiafhruigh siad di céard a bhí aice agus dubhairt sí gur uainín beag. Chaith na saighdiúirí an páiste amach ar an mbóthar agus nuair a thuit sé uainín óg a bhí ann. Níor mharbhuigheadar é annsin agus d'fhill an páiste ar ais arís.
- 2.
Bhí an Mhaighdean Bheannuighthe agus a mac ag imtheacht lá freisin mar bhí na saighdiúirí ar a thóir le na mharbhughadh agus bhí sé ag teacht ingar do pháirc a raibh caoirigh ann. Nuair a chonnaic sé na saighdiúirí ag teacht chuaidh sé isteach i mbolg an ghabhair agus thosuigh an gabhar ag dul fíadháin agus ag ritheacht ar fud an gharraidhe. Chuaidh sé amach as an ngabhar annsin agus chuaidh sé isteach san gcaora. D'fhan sí sin in a luighe siar agus níor chorruigh sí chor ar bith. Luigh chuile chaora siar annsin agus ní raibh fhios ag na saighdiúirí cé'n chaora a raibh sé ann. Olann a bhí ag fás ar an ngabhar ar dtús acht mar gheall gur thosuigh sé ag dul fíadháin nuair a bhí Dia istigh ann chuir sé fíonnach ag fás air. Bhí fíonnach ag fás ar an gcaora ar dtús freisin(leanann ar an chéad leathanach eile)