Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 229
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht mar gheall gur fhan sí socair nuair a bhí na saighdiúirí ar thóir Dé leig sé olann ag fás uirthe.
- 3.
Bhí an Mhaighdean Bheannuighthe agus a páiste ag imtheacht agus bhí an oidhche an-fhliuch. Bhí an páiste in a bachlainn aice agus clóca thar timcheall ar an mbeirt aca. Bhí sí ag imtheacht léithe nó go dtáinig sí chómh fada le teach tinncéara. Chuaidh sí isteach san teach agus d'iarr sí ar an tinncéar biorán a dhéanamh dhi le haghaidh an téadach a choinneál timcheall ar an bpáiste. Níor thug an tinncéar an biorán dhi agus sin é an fáth go bhfuil an tinncéar bocht ó shoin. Bhí sí ag imtheacht léithe annsin nó go dtáinig sí chómh fada le coill. Bhí teach beag annsin agus chuaidh sí isteach ann. Bhí gabha istigh agus é ag obair. Dubhairt sí leis biorán a dhéanamh dhi a choinneóchadh an t-éadach timcheall ar an bpáiste. Bhí an-fháilte ag an ngabha roimpi agus rinne sé biorán agus chuir sé fhéin in a cuid éadaigh é. Bhí teine bhreágh aige freisin agus dubhairt sé léithe a dhul síos chuig an teine í fhéin agus an páiste. Nuair a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Nic Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laighidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 96
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gólam, Co. na Gaillimhe