Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 231
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 5.
Seo sgéal eile a chuala mé faoí Mac Dé
Nuair a bhí na Iúdaigh ag dul ag céasadh mac Dé ní raibh aon táirngí aca agus chuaidh siad chuig gabha ag iarraidh táirngí air. Níor thug an gabha dhóibh iad agus mharbhuigheadar é. Chuaidh siad chuig tinncéar annsin agus d'iarr siad táirngí air agus go mbéadh post maith aige. Thug sé na táirngí dhóibh agus sé an post a fuair sé na a bheith ag déanamh caintíní. Sin é an fáth nach bhfuil an tádh ó shoin ar na tinncéaraí. - 6.
Aon oidhche amháin bhí an Mhaighdean Bheannuighthe agus a mac ag dul thart agus chuaidh sí isteach chuig tinncéar ag iarraidh biorán air agus níor thug sé dhi é. D'imthigh sí léithe annsin nó go dtáinig sí chómh fada le coill. Casadh maor-chaorach dhi agus d'iarr sí biorán air. Bhain sé píosa ghá mhaide agus rinne sé caol é agus chuir sé fhéin in a brat é, agus bhí sí an-bhuidheach dó agus bhí an tádh air agus ar a chuid caorach ó shoin. - 7.
Aon lá amháin bhí na Iúdaigh ag cuartughadh ás Slánuightheóra agus bhí sé in a chodhladh. Is geárr go dtáinig crutach thart agus d'innis sé do Dhia go raibh na Iúdaigh ar a thóir. Dubhairt ár Slánuightheóir nach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Nic Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laighidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 96
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gólam, Co. na Gaillimhe