Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 269

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 269

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 269
  3. XML “Ainmneacha Ainmhithe na Farraige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    freisin agus marbhuigheann na daoine iad agus baineann siad an croiceann díobh agus cuireann siad go tíortha thar lear iad agus gheibheann siad go leór airgid orra. Bíonn an ola a bhíos i bhfeóil an róin go han mhaith le haghaidh sgoilteacha agus le haghaidh tinnis eile. Níl an rón inann siubhal ar an talamh chor ar bith agus ar an ádhbhar sin bíonn siad ins an bhfairrge i gcómhnuidhe. Bíonn an croiceann a bhíos orra an-tsleamhain agus fáighann na daoine go leór airgid ar an gcloigeann.
    3. Each uisge:-
    Cómhnuigheann sí sin san uisge freisin agus nuair a thagas sí amach as an uisge ar dtús bíonn sí an-bheag agus déanann sí í féin chómh mór le capall. Deirtear má fheiceann sí thú ar dtús go mbéidh tú cáillte sul má bhéas an bliadhain caithte. Bíonn siad in a gcómhnuidhe ins na locha agus ní fheictear í ach uair san seachtmhadh bliadhain.
    4. Liobhán gréine:-
    Sé an fáth a dtugtar an tainm sin air mar bíonn a chroiceann ag soillsiú ar nós na gréine. Bíonn siad an-mhór agus báthann siad cuid de na báid. Tá dhá sgiathán mhóra orra agus iad an-dubh. Bíonn siad ag ithe éisg a bhíos san bhfairrge freisin. Bíonn siad ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Donnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bairbre Bean Mhic Donnchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    41
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe